Gradam Óir Buaite ag Lorg Media

Anna Davitt, Communications Director at Foras na Gaeilge, pictured with the Lorg Media team—Loretta Ní Ghabháin (Director), Mairéad Duffy, Mairéad Ní Ghráinne, and Éabha McGreal—at the 2024 Digital Marketing Awards

Tá gradam margaíochta óir eile bainte amach ag Lorg Media, tar éis dúinn freastal ar Ghradaim Meán Digiteach na hÉireann den chéad uair riamh le Foras na Gaeilge agus is gradam é a bhfuil an-tóir air. Tugtar aitheantas leis na Gradaim Margaíochta Digití do na chomhlachtaí is fearr i dtionscal na Meán Digiteach in Éirinn.

Bhain muid amach gradam an Fheachtais Meán Comhtháite is Fearr as ár gcuid oibre ar Creidim Ionat, tionscnamh Gaeilge a cruthaíodh d’Fhoras na Gaeilge, i gcomhpháirtíocht leis an gcraoltóir náisiúnta, RTÉ. Fógraíodh an gradam óir ar an 6 Meán Fómhair 2024 ag searmanas mór comórtha 21 bliain na Meán Digiteach in óstán an Clayton, Bóthar Burlington, ag a ndéantar ceiliúradh ar an gcuid is fearr den nuálaíocht agus den chruthaitheacht dhigiteach ar fud na hÉireann.

Is ionann an feachtas meán náisiúnta, uile-oileáin, Creidim Ionat (‘I Believe In You’) agus feachtas ilchainéil faoi stiúir meantóra/meantaí a bhí ar siúl den dara huair sa bhliain 2024, bhain an feachtas roimhe seo an Feachtas Tionchaire is Fearr amach ag Gradaim Spider sa bhliain 2022. Tugann an feachtas spreagadh do dhuine ar bith ar spéis leo thabhairt faoi fhoghlaim na Gaeilge, clárú ar líne agus turas na meantaithe a leanúint ar fud na meán traidisiúnta agus ar líne fad a gcuireann siad a gcuid spriocanna maidir leis an nGaeilge i gcrích thar thréimhse 5 seachtaine.

“Is teistiméireacht ar thiomantas ár gcliant, Foras na Gaeilge, do chur chun cinn ár dteanga náisiúnta atá i gceist leis an ngradam óir atá bainte amach ag feachtas Gaeilge ar nós Creidim Ionat agus is iontach an t-éacht é. Chuir an feachtas a bhí saibhir agus fuinniúil an deis ar fáil dúinn i Lorg Media ár ndíograis don Ghaeilge a cheangal lenár saineolas ar scéalaíocht dhigiteach. Is léargas é an gradam seo a bheith buaite againn ar thiomantas ár bhfoirne cruthaithí do straitéis mhargaíochta, do chruthú físeán agus do chumhacht na comhpháirtíochta.” Loretta Ní Ghabháin, Stiúrthóir Lorg Media

Rinne an craoltóir agus an láithreoir, Sinéad Ní Uallacháin meantóireacht ar Brendan Courtney agus ar David O’Reilly ó thaobh taifeadadh a dhéanamh ar an eagrán dhá theangach dá bpodchraoladh ‘Any News’. Thaistil Sinéad mórthimpeall na hÉireann freisin ag tabhairt cuairt ar ghrúpaí pobail agus iad i mbun meantóireachta ar a chéile mar chuid den fheachtas Creidim Ionat. Thug Sinéad cuairt ar Charn Tóchair i nDoire, áit a bhfuil pobal tuaithe ag cur na Gaeilge ar aghaidh ó ghlúin go glúin, chomh maith le cuairt a thabhairt ar Chnoc Liamhna (Knocklyon), áit a bhfuil an cór Gaeilge, As Béal a Chéile i mbun meantóireachta ar an Ukrainian Action Choir chun cur i láthair a thabhairt i nGaeilge i dtoll a chéile.

“Tá Foras na Gaeilge thar a bheith bródúil an t-aitheantas seo a bheith bainte amach as an tionscnamh Creidim Ionat. Tá an t-ádh orainn a bheith ag obair le Lorg Media, nach bhfuil a sárú le fáil mar cheannairí sa nuálaíocht dhigiteach agus i straitéis meán. Táimid buíoch as tacaíocht RTÉ a thug an deis dúinn fíor-acmhainneacht coincheap Creidim Ionat a thaispeáint, táimid buíoch dár meantóirí, Sinéad Ní Uallacháin agus Aindriú de Paor, agus do Chór na Gaeilge, As Béal a Chéile, a chuir meantóireacht ar fáil don Ukrainian Action Choir.” Anna Davitt, Bainisteoir Cumarsáide Fhoras na Gaeilge

Ghlac na 2 Johnnies, páirt san fheachtas freisin agus bhí an léiritheoir agus an láithreoir raidió Aindriú De Paor i mbun meantóireachta orthu nuair a d’éirigh leo leagan Gaeilge dá singil mór le rá ‘When I Play for the County’ a thaifeadadh, agus lean an lucht éisteachta a dturas ar 2FM.

“Is léiriú tábhachtach dár dtiomantas do chur chun cinn na Gaeilge atá i gcomhpháirtíocht RTÉ le Foras na Gaeilge don fheachtas Creidim Ionat. Bhíomar thar a bheith sásta a bheith i mbun oibre arís le Lorg Media ar an bhfeachtas fuinniúil seo, agus tacaíocht a thabhairt d’fhoireann agus d’ardáin RTÉ chun rannpháirtiú le muintir na hÉireann ó thaobh cúrsaí Gaeilge de.” Tracey Diamond, Bainisteoir Branda agus Margaíochta RTÉ

Rinneadh comhtháthú gan stró ar na meáin thraidisiúnta— amhail teilifís, raidió agus na meáin chlóite—le straitéis chuimsitheach ar líne. Áiríodh ar sin, for-rochtain meán sóisialta, margaíocht ríomhphoist agus fógraíocht dhigiteach spriocdhírithe Cuimsíodh sa straitéis i mbliana, ranganna Gaeilge ar líne agus seisiúin ó Ghael Linn, ó Ghaelchultúr agus ón Scoil Scairte, a thug an deis do na céadta duine ar fud an domhain nascadh nó athnascadh a dhéanamh leis an nGaeilge. Chomh maith leis sin, chuir láithreán gréasáin idirghníomhach an deis ar fáil d’úsáideoirí súil a choinneáil ar an dul chun cinn a bhí á dhéanamh acu agus suaitheantais a bhaint amach as tascanna seachtainiúla foghlama teanga a chomhlánú.

Cuireadh Lorg Media ar an ngearrliosta freisin maidir le neart an fheachtais seo don Ghníomhaireacht Bheag is Fearr (níos lú ná 15 bhall foirne) ag Gradaim Margaíochta Digití na bliana seo.

TOP