Social Media Executive
If you’re looking to be part of a team of creatives and creators that like to do things a little differently, our agency could be a fit for you. At Lorg we embrace originality and love bringing this to the fore for our clients. If you have a keen interest in all things social media and a creative flair for content creation, you might just leave your Lorg on us!
We promote all that is great about Ireland with an emphasis on the artistic and culture tapestry of our country. We expect you to keep abreast of the industry and consume a wide variety of social media looking for emerging trends and best practices, educating the wider team at Lorg on your findings!
The ideal candidate should have a healthy obsession with social media and be culturally curious. We love a great work ethic and a great team attitude.
Feidhmeannach Meán Sóisialta
Má tá tú ag iarraidh a bheith ar fhoireann de dhaoine cruthaitheacha agus de chruthaitheoirí a thaitníonn leo rudaí a dhéanamh ar bhealach difriúil, d’fhéadfadh ár ngníomhaireacht a bheith oiriúnach duit. I Lorg Media, cuirimid fáilte roimh ábhar neamhghnách agus is breá linn sin a thabhairt chun cinn dár gcliaint. Má tá spéis mhór agatsa i ngach rud a bhaineann leis na Meáin Shóisialta agus má tá féith na cruthaitheachta agat i dtaobh ábhar a chruthú, b’fhéidir go bhfágfadh tusa do Lorg féin orainne!
Cuirimid gach rud atá iontach faoi Éirinn chun cinn trí bhéim a chur ar ghréasán ealaíne agus cultúir na hÉireann. Bheimis ag súil go gcoinneofá suas leis an tionscal agus go mbainfeá úsáid as réimse leathan meán sóisialta chun na dea-chleachtais agus treochtaí atá ag teacht chun cinn a aimsiú agus eolas a thabhairt don fhoireann i gcoitinne i Lorg Media faoin méid atá faighte amach agat!
An tIarrthóir Inmhianaithe – Ba cheart go mbeadh sé/sí an-tógtha, ar bhealach stuama, leis na meáin shóisialta agus a bheith fiosrach faoi chúrsaí cultúir. Is aoibhinn linn duine a bhfuil eitic oibre den scoth aige mar aon le dearcadh iontach foirne.
Some of the things you’ll be doing:
- Copywriting and posting both as Gaeilge and in English
- Creating content for various social media platforms
- Understand the overall client business objectives and develop social media strategies as needed
- Monitoring social media channels, online engagement and creating reports on sameLead on day-to-day delivery of output for clients reporting to more senior executives
- Be the communication point for key stakeholders both internally and externally
- Work with the wider team to ensure all content created is of the highest standards
- Attend briefings/meetings and prepare minutes
- Prepare and manage briefs, meetings and timelines as needed
- Respond promptly to clients’ concerns, feedback and requests while ensuring regular updates on the statuses of each project/campaign
Requirements:
- Be meticulous and organised
- Have the ability to create content specifically for social media and email campaigns
- Stay up to date on latest trends on social media
- Ability to write and communicate accurately in Irish and in English
- Experience in campaign management, evaluation and reporting
- Experience in engaging influencers both paid and organic
- Ability to think strategically and drive forward planning within Lorg Media
- Ability to work in a fast paced environment with deadlines and high deliverables
- Experience using digital marketing platforms/editing tools
- At least 2 years of experience in the area with agency experience an advantage
- The ideal candidate must have the ability to work on multiple accounts, take direction but more importantly work off their own initiative and enjoy being part of a team
Roinnt de na nithe a bheidh ar bun agat
- Cóipscríbhneoireacht agus postáil i nGaeilge agus i mBéarla.
- Ábhar a chruthú d’ardáin éagsúla meán sóisialta
- Tuiscint a fháil ar chuspóirí foriomlána gnó na gcliant agus straitéisí meán sóisialta a fhorbairt de réir mar is gá
- Monatóireacht a dhéanamh ar chainéil meán sóisialta, ar rannpháirtíocht ar líne agus tuairiscí a chruthú ina leith.
- Ábalta soláthar laethúil aschuir a stiúradh do chliaint a thuairiscíonn chuig feidhmeannaigh níos sinsearaí
- A bheith i do phointe teagmhála do phríomh-pháirtithe leasmhara taobh istigh agus taobh amuigh den ghníomhaireacht araon
- Oibriú leis an bhfoireann i gcoitinne lena chinntiú go bhfuil an t-ábhar ar fad á chruthú ar an gcaighdeán is airde
- Freastal ar sheisiúin eolais/cruinnithe agus miontuairiscí a ullmhú
- Achoimrí, cruinnithe agus línte ama a ullmhú agus a bhainistiú de réir mar is gá
- Freagra a thabhairt go pras ar ábhair imní, aiseolas agus iarrataí na gcliant agus a chinntiú ag an am céanna go gcuirtear an t-eolas rialta is déanaí ar fáil dóibh maidir le stádas gach tionscadail/feachtais
Riachtanais
- A bheith pointeáilte agus eagraithe
- Ábalta ábhar a chruthú go sonrach do na meáin shóisialta agus d’fheachtais ríomhphoist
- Coinneáil cothrom le dáta leis na treochtaí is deireanaí ar na meáin shóisialta
- Ábalta scríobh agus cumarsáid a dhéanamh go cruinn i nGaeilge agus i mBéarla
- Taithí ar thuairisciú, measúnú agus bainistiú feachtais
- Taithí ar theagmháil a dhéanamh le tionchairí (paid & organic)
- Ábalta smaoineamh ar bhealach straitéiseach agus pleanáil ar aghaidh a chur chun cinn laistigh de Lorg Media
- Ábalta oibriú i dtimpeallacht a ghluaiseann go tapa agus a bhfuil spriocdhátaí agus táirgí arda insoláthartha aici
- Taithí ar ardáin/uirlisí eagarthóireachta margaíochta digití a úsáid
- Taithí 2 bhliain ar a laghad sa réimse agus ba bhuntáiste é taithí a bheith agat ar bheith ag obair i ngníomhaireacht
- Ní mór go mbeadh sé de chumas ag an iarrthóir inmhianaithe a bheith ábalta oibriú ar chuntais éagsúla, treoir a ghlacadh agus níos tábhachtaí arís, a bheith in ann oibriú as a stuaim féin agus taitneamh a bhaint as bheith mar chuid d’fhoireann
Based in Galway’s West End, the position can be hybrid, with four days working in the office. Salary will reflect level of experience.
Please send your cv to [email protected]
The closing date is Wednesday the 18th of October 2023 at 5pm.
Is i nGaillimh atá an post seo lonnaithe agus d’fhéadfadh sé a bheith ina post hibride i.e. ceithre lá san oifig. Beidh an tuarastal ag freagairt don leibhéal taithí. Seol do cv chuig [email protected]
5pm Dé Céadaoin an 18 Deireadh Fómhair 2023 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.