Bainisteoir Straitéise Digití & Cuntais
Digital Strategy & Account Manager
Lorg Media | Galway’s West End
Permanent Contract | Full time | Galway based
An Ról
Beidh tú ag obair faoin Stiúrthóir Bainistíochta agus oibreoidh tú go dlúth lenár mBainisteoir Sinsearach Oibríochtaí agus Cuntais. Is ról praiticiúil é seo do dhuine atá láidir i ngnéithe éagsúla den mhargaíocht. Tá muid ag cuartú duine ar féidir leo treoir ó chliant a ghlacadh, tuiscint a fháil ar a bhfuil an cliant ag iarraidh a bhaint amach, agus é a athrú ina fheachtas soiléir, cruthaitheach agus a bheith in ann an fheachtas a mheas. Is ról é seo ina bhfuil úinéireacht ríthábhachtach, nuair is gá duit tosaíocht a thabhairt don phráinn, go bhfuil tú eagraithe agus gur breá leat smaointe cruthaitheacha a thabhairt chun tosaigh.
Táimid ag lorg duine atá in ann féachaint ar threoir ó cliant agus na ceisteanna cearta a chur:
Cad é an cliant ag iarraidh a bhaint amach? Cé hiad an lucht féachana? Cad é an straitéis? Cé na bealaí ba cheart dúinn a úsáid? Cad is gá dúinn a chruthú? Cad iad na hacmhainní atá ag teastáil? Cén costas a bhaineann leis? Conas a oibreoimid amach ar oibrigh nó nár oibrigh sé?
Ansin déanfaidh tú an smaoineamh sin a iompú ina phlean feachtais agus é a threorú leis an bhfoireann. Seans go mbeidh ort eolas a thabhairt dár bhfísghrafadóir agus dár ndearthóir, oibriú lenár bhfeidhmeannach meán digiteach agus sóisialta, comhordú lenár bhfoireann léiriúcháin, meáin íoctha a phleanáil, ábhar a léiriú, oibriú le comhpháirtithe seachtracha PR nó é a chur ar fáil tú féin.
The Role
You’ll report to the Managing Director and work closely with our Senior Operations and Account Manager. This is a hands-on role for a strong all-round marketer who can take a client brief, understand what the client is really trying to achieve and turn it into a clear, creative and measurable campaign. This is a role where ownership is key, where you need to prioritise urgency, you are organised and love bringing creative ideas to the table.
We want someone who can look at a brief and ask:
What is the client trying to achieve? Who is the audience? What is the strategy? Which channels should we use? What do we need to create? What resources are required? What should it cost? How will we measure whether it worked?
You’ll then turn that thinking into a campaign plan and lead out on it with the team. That could mean briefing our videographer and designer, working with our digital and social media executive, coordinating with our production team, planning paid media, developing content, working with external PR partners or getting hands-on with delivery yourself.
An té a bheadh an ról oiriúnach dóibh:
Ní ról é seo do dhuine nach bhfuil ach cuid amháin den mhargaíocht dhigiteach ar eolas acu. Táimid ag lorg duine a thuigeann an tírdhreach margaíochta níos leithne agus an chaoi a n-oibríonn bealaí éagsúla agus disciplíní cruthaitheacha le chéile.
Oibreoidh tú thar straitéis, cuntais agus seachadadh feachtais, ina measc,
- Treoir a ghlacadh ó chliant agus straitéisí soiléire margaíochta agus feachtais a chruthú.
- Lucht féachana, cuspóirí, príomhtheachtaireachtaí, bealaí agus tomhais ratha a aithint
- Pleananna feachtais chomhtháite a fhorbairt ar fud ardáin dhigiteacha, sóisialta, físeáin, ábhar, meáin íoctha, láithreáin ghréasáin, ríomhphost, caidreamh poiblí, comhpháirtíochtaí agus gníomhaíocht as líne
- Eolas láidir a thabhairt ar ardáin lena n-áirítear Meta, Instagram, Facebook, LinkedIn agus bealaí digiteacha ábhartha eile
- Fógraíocht shóisialta agus dhigiteach íoctha a thuiscint agus an ról atá aici laistigh d’fheachtas níos leithne
- A aithint nuair is féidir le físeáin ról lárnach a bheith acu i bhfeachtas agus oibriú go dlúth lenár bhfoireann físe agus chruthaitheach intí
- Comhghleacaithe a chur ar an eolas agus a chomhordú ar fud ardáin dhigiteacha, físeáin, dearaidh, ábhair agus léiriúcháin
- Feachtais a bhainistiú ón tús go dtí seachadadh agus tuairisciú iarfheachtais a dhéanamh
- Straitéisí, smaointe agus moltaí a chur i láthair go muiníneach do chliaint
- Athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht feachtais agus anailísíocht a úsáid chun torthaí a fheabhsú
- Cur le cur i láthair, tograí agus tairiscintí
- Deiseanna a aithint chun cuntais chliaint atá ann cheana a fhás agus a fhorbairt
De réir mar a théann tú i dtaithí ar an ról, táimid ag iarraidh go mbeidh an mhuinín agus an neamhspleáchas ionat chun tionscadail a mheas, praghas a chur air agus iad a stiúradh taobh istigh de theorainneacha comhaontaithe. Smaoineoidh tú ar an am, ar na daoine, riachtanais léiriúcháin, caiteachas sna meáin agus costais sheachtracha a theastaíonn chun tionscadal a sheachadadh i gceart agus go brabúsach. Is é an aidhm ná go bhfuil tú in ann tionscadal a ghlacadh ó:
Treoir → Straitéis → Scóip → Buiséad → Treoir Foirne → Seachadadh → Tomhas
Who This Role Would Suit
This isn’t a role for someone who only knows one part of digital marketing. We’re looking for someone who understands the wider marketing landscape and how different channels and creative disciplines work together.
You’ll work across strategy, accounts and campaign delivery, including,
- Taking client briefs and turning them into clear marketing and campaign strategies
- Identifying audiences, objectives, key messages, channels and measures of success
- Developing integrated campaign plans across digital, social, video, content, paid media, websites, email, PR, partnerships and offline activity
- Bringing strong knowledge of platforms including Meta, Instagram, Facebook, LinkedIn and other relevant digital channels
- Understanding paid social and digital advertising and how it fits within a wider campaign
- Recognising when video can play a central role in a campaign and working closely with our in-house video and creative team
- Briefing and coordinating colleagues across digital, video, design, content and production
- Managing campaigns from brief through to delivery and post campaign reporting
- Presenting strategies, ideas and recommendations confidently to clients
- Reviewing campaign performance and using analytics to improve results
- Contributing to pitches, proposals and tenders
- Identifying opportunities to grow and develop existing client accounts
As you become established in the role, we want you to have the confidence and autonomy to scope, price and lead projects within agreed parameters. You’ll consider the time, people, production requirements, media spend and external costs required to deliver a project properly and profitably. The aim is that you can take a project from:
Brief → Strategy → Scope → Budget → Team Brief → Delivery → Measurement
Cé atá á lorg againn?
- Duine margaíochta a bhfuil taithí ar leith acu agus a bhfuil súil ghéar acu maidir le cad is feachtas maith ann.
- Taithí lánaimseartha 4+ bliana ar a laghad i ról ábhartha, taithí ghníomhaireachta más féidir
- Eolas digiteach láidir, ach smaoineoidh tú níos fuide ná ardáin aonair.
- Mionchruinneas agus cumas buiséid a rianú.
- Ardleibhéal cumais eagraíochta agus meon chun fadhbanna a réiteach
- Ba mhaith linn teacht ar dhuine a bhfuil bunús láidir margaíochta aige nó aici, breithiúnas maith agus go leor taithí chun tionscadail a bhainistiú agus an réiteach ceart a fháil ar aon dúshlán a thagann ina dtreo
- Tuiscint phraticiúil ar an mbealach a noibríonn stiúideo cruthaitheach, idir dearadh, digiteach agus cruthú físeán
- Taithí ar bhogearraí bainistíochta tionscadail ar nós, Asana, Google Suite agus Microsoft
Ba bhreá linn dá mbeadh Gaeilge líofa ag an iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi. Is gníomhaireacht dhátheangach í Lorg Media agus tá an Ghaeilge i gcroílár ár bhféiniúlachta agus na cliaint a bhfreastlaímid orthu. Mar ghníomhaireacht dhátheangach, bheimis ag súil go mbeadh suim agus meas agat ar an nGaeilge agus cuirfear cúrsaí Gaeilge ar fáil más gá. Bíonn muid ar fad ag foghlaim i gcónaí! Agus muid ag obair le cliaint éagsúla timpeall na tíre, beidh gá le taisteal a dhéanamh ó am go chéile.
Who We’re Looking For
- An experienced marketer who has been around campaigns long enough to know what good looks like with a minimum of 4+ years of full-time experience in a similar role, ideally agency experience.
- Strong digital knowledge, but you’ll think beyond individual platforms.
- Strong attention to detail and ability to track budgets
- High level of organisational ability combined with a problem-solving mindset
- We’re interested in finding someone with strong marketing fundamentals, good judgement and enough experience to manage projects and find the right solution to any project challenges that might arise.
- Hands-on understanding of creative studio workflows across design, digital, and video production
- Proficiency in project management software such as Asana, Google suite and microsoft
Fluent Irish is highly desirable. Lorg Media is a bilingual agency and Gaeilge is a core value and an important part of who we are and the clients we serve. As a bilingual agency we would expect an interest in the Irish language and enrollment in an Irish language courses will be provided, if needed. Bíonn muid ar fad ag foghlaim i gcónaí! As we work with clients across Ireland, travel will be required from time to time.
Faoi Lorg Media
Is gníomhaireacht chruthaitheach cumarsáide agus margaíochta í Lorg Media a bhfuil duaiseanna éagsúla bainte amach aici. Táimid lonnaithe i nGaillimhe. Oibrímid le brandaí náisiúnta, craoltóirí, comhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí go príomha i réimsí na n-ealaíon, an chultúir agus na Gaeilge. Cruthaíonn muid feachtais a thugann straitéis, margaíocht dhigiteach, na meáin shóisialta, léiriúchán físe, dearadh, fógraíocht agus meán íoctha agus ábhar cruthaitheach le chéile.
Is gníomhaireacht muid a bhfuil duaiseanna éagsúla bainte amach againn agus a bhfuil bua faoi leith againn sa gcumarsáid chruthaitheach, margaíocht dhigiteach, léiriúchán físe agus feachtais margaíochta dhátheangacha. Is foireann bheag, thiomanta agus chomhoibríoch muid agus táimid ag lorg duine margaíochta a bhfuil taithí acu le theacht ar bhord linn mar Bhainisteoir Straitéise Digití & Cuntais.
Beidh tú mar chuid d’fhoireann chairdiúil, chruthaitheach agus uaillmhianach i nGaillimhe, ag obair ar fheachtais éagsúla d’eagraíochtaí ar fud na hÉireann. Toisc gur gníomhaireacht bheag muid, beidh teagmháil dhíreach agat le cliaint, fíorfhreagracht as feachtais agus an deis do chuid smaointe a thabhairt chun solais. Táimid ag lorg duine a bhfuil taithí mhaith acu, atá ag iarraidh cabhrú leis an bhfoireann timpeall orthu a neartú agus páirt thábhachtach a ghlacadh sa chéad chéim eile d’fhás Lorg Media.
About Lorg Media
Lorg Media is a multi-award-winning creative communications and marketing agency based in Galway’s West End. We work with national brands, broadcasters, public bodies and organisations across arts, culture and the Irish language sector, creating campaigns that bring together strategy, digital marketing, social media, video production, design, paid media and creative content.
We’re a multi-award-winning agency with particular strengths in creative communications, digital marketing, video production and bilingual campaigns. We’re a small, ambitious and collaborative team and we’re now looking for an experienced marketer to join us as Digital Strategy & Account Manager.
You’ll join a friendly, creative and ambitious team in Galway’s West End, working on varied campaigns for organisations across Ireland. As we’re a small agency, you’ll have direct access to clients, genuine responsibility for campaigns and the opportunity to see your ideas move from initial brief through to finished work. We’re looking for someone who wants to bring experience to the table, help strengthen the team around them and play an important part in the next stage of Lorg Media’s growth.
An méid a chuirimid ar fáil
- Cuirimid timpeallacht oibre hibrideach ar fáil, agus bíonn solúbthacht ann mar gheall ar an gcur chuige comhoibríoch atá againn inár gcuid oibre.
- Timpeallacht spreagúil, chruthaitheach a spreagann an nuálaíocht.
- Beidh 21 lá saoire agat. Creidimid go bhfuil dílseacht le moladh: gheobhaidh tú lá saoire breise gach bliain a oibríonn tú linn, suas go 25 lá in aghaidh na bliana.
- Beidh do thuarastal ag brath ar do thaithí agus scileanna ábhartha.
- Deiseanna forbartha gairmiúla agus deis fás laistigh den eagraíocht.
- Foireann thacúil chomhoibríoch a bhfuil meas acu ar d’ionchur.
What we offer
- We offer a hybrid-friendly working environment, with flexibility balanced by the collaborative nature of our work.
- An inspiring, creative environment that encourages innovation
- You’ll receive 21 days of annual leave. And we believe loyalty deserves a little extra: you’ll earn an additional day of annual leave for every year you work with us, up to a maximum of 25 days annually.
- Salary will reflect your relevant experience and skills.
- Professional development opportunities and a chance to grow within the organisation
- A supportive and collaborative team that values your contribution
Spriocdháta & Próiseas Iarratais
Is é Dé Céadaoin, 25 Samhain 2026 ag 4pm an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais.
Ní mór d’iarratasóirí an méid seo a leanas a chur isteach:
- CV tarraingteach, ina leagtar amach an taithí atá agat ar bhainistíocht tionscadail agus d’éifeacht ar fhoirne cruthaitheacha, chomh maith le haon tionscadal agus feachtas a raibh tú mar bhainisteoir orthu.
- Litir chumhdaigh a dhéanann cur síos ar do thaithí agus cén fáth a bhfuil tú ag iarraidh cur isteach ar ról mar Bhainisteoir Straitéise Digití & Cuntais
How to apply and the Selection Process
Deadline & Application Process
4:00pm Wednesday 25th November 2026 is the closing date for receipt of application.
Applicants must submit the following:
- A compelling CV, outlining your project management experience and efficiency with creative teams as well as projects and campaigns you have managed.
- A covering letter outlining your experience and interest in applying for the role of Digital Strategy and Account Manager
Próiseas Roghnúcháin & Amlíne
- Beidh gearrliosta i bhfeidhm bunaithe ar an eolas a chuirtear ar fáil san iarratas.
- Táimid ag súil go mbeidh an chéad bhabhta d’agallaimh ar siúl le linn na seachtaine dar tús 30 Samhain 2026
- Táimid ag súil go mbeidh an dara babhta d’agallaimh ar siúl le linn na seachtaine dar tús 8 Nollaig 2026
Déanfar teagmháil dhíreach leis an iarrthóir a roghnófar don phost le tuilleadh sonraí.
Ba cheart iarratais ar an bpost a chur ar aghaidh chuig [email protected]
Selection Process & Timeline
- A shortlist will apply based on the information provided in the application.
- The first round of interviews is expected to take place during the week commencing 30 November 2026
- The second round of interviews is expected to take place during the week commencing Tuesday the 8th December 2026
Candidates selected for the post will be contacted directly with further details.
Application for the post should be forwarded to [email protected]
Tuilleadh eolais
Má tá ceist ar bith agat nó má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le Orla King @ 087-9845057 nó earcaí[email protected]
Further Information
If you have any questions or require further information, please contact Orla King @ 087-9845057 or earcaí[email protected]
